D'fhreagrachtaí maidir le CBL a sheachfhoinsiú

Féadfaidh tú eisiúint sonrascnótaí sochair agus nótaí dochair a sheachfhoinsiú chuig duine a ghníomhaíonn thar do cheann. Is gníomhaire cánach, cuntasóir nó soláthraí seirbhíse eile é seo de ghnáth.

Ní mór don duine a eisíonn na doiciméid iad a eisiúint i d'ainm mar sholáthraí. Ní mór don duine a chinntiú freisin go bhfuil siad tar éis cloí leis na coinníollacha uile atá leagtha síos ag an dlí maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL) i ndáil leis na doiciméid.