Ag roghnú chun clárú le haghaidh CBL
Féadfaidh na daoine seo a leanas atá bunaithe sa Stát rogha a dhéanamh clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL):
- Feirmeoirí.
- Iascairí.
- Gnólachtaí nach sáraíonn na tairseacha CBL.
Má roghnaíonn tú chun clárú le haghaidh CBL agus má chealaíonn tú é ina dhiaidh sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort cuid den CBL, nó an t-iomlán, den CBL a aiséilíodh ó na Coimisinéirí Ioncaim a aisíoc. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le do chlárúchán CBL a chealú.
Tá na nósanna imeachta maidir le roghnú chun clárú le haghaidh CBL mar an gcéanna is dá mbeadh dualgas ort clárú le haghaidh CBL.
An féidir leat do rogha chun clárú a shiardhátú?
Ní féidir leat do rogha chun clárú a shiardhátú. Ní fhéadtar clárú le haghaidh CBL ach ó dháta reatha.