Do chlárúchán le haghaidh CBL a chealú

Léargas ginearálta

Leagtar amach sa rannán seo an chaoi go bhféadtar do chlárúchán Cánach Breisluacha (CBL) a chealú. 

Féadtar do chlárúchán CBL a chealú más rud mé:

  • gur scoir tú de thrádáil
  • go bhfuil do láimhdeachas tar éis titim faoin tairseach láimhdeachais cuí
  • gur cláraíodh thú de thaisme
  • go bhfuil cineál do ghnó tar éis athrú agus nach bhfuil soláthairtí incháinithe á dhéanamh agat a thuilleadh.

Más mian leat do chlárúcháin CBL a chealú, déan teagmháil le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Má loiceann tú é seo a dhéanamh, leanfar le foirmeacha tuairisceáin agus éilimh ar dhliteanas measta CBL a eisiúint go huathoibríoch. Ina theannta sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do chlárúchán CBL a chealú mura bhfuil do chlárúchán ceart.

Má roghnaigh tú clárú le haghaidh CBL

Má roghnaítear clárú, feidhmítear rialacha ar leith ar chealú do chlárúcháin. Mar thoradh air seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon CBL a aisíocadh leat a aisghabháil.  Feidhmítear forálacha sonracha a bhaineann le roghnú déanta ag feirmeoirí agus ag daoine a sholáthraíonn cóiríocht d’aíonna nó coraíocht saoire gearrthéarmach a chealú.

Ar aghaidh: Cealú ag daoine roghnaithe