Do chlárúchán le haghaidh CBL a chealú

Cealú ag daoine roghnaithe

Má roghnaigh tú clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL), féadfaidh tú chlárúchán a chealú trí shocrú a dhéanamh le d’oifig Cánach.

Ní mór duit aon fharasbarr CBL a aisíocadh leat i leith na cánach íoctha a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim le linn tréimhse athbhreithnithe. Is é an tréimhse athbhreithnithe ná an ceann is ísle de: 

  • na tréimhsí incháinithe ina raibh feidhm ag an roghnú
  • trí bliana roimh dháta iarratais an chealaithe.

An farasbarr CBL a aisíocadh a ríomh

Ríomhtar an CBL atá le haisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim mar seo a leanas:

(A + B) - C

má:

  • A = suim na cánach a aisíocadh leat sa tréimhse athbhreithnithe.
  • B = an cháin inasbhainte maidir le fáltais laistigh den Chomhphobal a rinne tú le linn na tréimhse athbhreithnithe.
  • C = glansuim iomlán na cánach (más ann) a d’íoc tú sa tréimhse athbhreithnithe.

Ar aghaidh: Cealú ag feirmeoirí