Do chlárúchán le haghaidh CBL a chealú

Cealú ag feirmeoirí

Más feirmeoir thú agus roghnaigh tú clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL), féadfaidh tú do roghnú a chealú trí shocrú a dhéanamh le d’oifig Cánach.

Ní mór duit aon fharasbarr CBL a aisíocadh leat i leith na cánach íoctha a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim le linn tréimhse athbhreithnithe. Is é an tréimhse athbhreithnithe ná cibé acu is lú:

  • na tréimhsí incháinithe ina raibh feidhm ag an roghnú
  • trí bliana roimh dháta iarratais an chealaithe.

Cén chaoi a ríomhtar an farasbarr CBL d’fheirmeoirí?

Nuair atá tú ag ríomh aon fharasbarr CBL a aisíocadh leat, ní mór duit:

  • suim na cánach a d’íoc tú a mhéadú faoi shuim arb ionann é agus an méid breise ar ráta comhréidh a bheadh iníoctha leat linn na tréimhse athbhreithnithe (mura raibh tú cláraithe le haghaidh CBL)
  • agus
  • an tsuim a aisíocadh a laghdú faoin tsuim CBL a bheadh inaisíoctha leat faoin ordú aisíocaíochta feirmeora le linn na tréimhse athbhreithnithe (mura raibh tú cláraithe le haghaidh CBL).

Ar aghaidh: Roghnú tí saoire a chlárú a chealú