Scéim Aisíocaíochta Easpórtála

An tsuim aisíocaíochta easpórtála CCF

Tá ríomh na suime aisíocaíochta Easpórtála Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF) leagtha amach thíos.

Ní mór go mbeadh Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) nach lú ná €2,000 ag an bhfeithicil ag tráth an imscrúdaithe agus níor mór don CCF ar an bhfeithicil a bheith íoctha ag tráth an chlárúcháin. Sa chás go gcinntear go bhfuil an PDMO níos lú ná €2,000, níl aon aisíocaíocht CCF dlite.

Leagtar amach in VRT Manual Section 8 an modh a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim chun PDMO le haghaidh feithicil a chinneadh. Áirítear sa bhfigiúr PDMO muirir CCF i ndáil leis an NOx a bhaineann leis an bhfeithicil i ndiaidh an 31 Nollaig 2020, ní aisíoctar an tsuim NOx seo mar chuid den aisíocaíocht easpórtála CCF, áfach.

Ní sholáthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim meastacháin PDMO le haghaidh feithicil. Ní dhéantar cinntí den chineál sin ach amháin nuair a chuirtear feithicil ar fáil ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC).

Ríomhtar an tsuim inmhuirir CCF ar fheithicil bunaithe ar a n-astaíochtaí CO2. Bhíodh rátaí CCF roimh mhí Iúil na bliana 2008 bunaithe ar mhéid ciúbach (cc) innill na feithicle.

Tá an ráta CCF bunaithe den chuid is mó ar astaíochtaí CO2. Cibé ráta a tharraing na hastaíochtaí CO2 seo ag tráth an chlárúcháin, is é sin an ráta a fheidhmeofar ar an PDMO agus aisíocaíochtaí dhlite ag tráth na heaspórtála á ríomh.

Ag tráth an chlárúcháin, mura gcuirtear figiúr CO2 ar fáil, sannfaidh an córas leibhéal CO2 de 999, agus cruthaítear an táille CCF is airde dá bharr.

Ag tráth na heaspórtála, i gcás nach bhfuil aon fhigiúirí astaíochtaí CO2 ar fáil don fheithicil, cuirfear an t-íosráta CCF i bhfeidhm nuair a ríomhtar aisíocaíochtaí dlite .

Tá suim ‘CCF iarmharach’ i ríomh aisíocaíochta teoranta don tsuim CCF a íocadh ar an bhfeithicil ar dtús, is cuma má sháraíonn PDMO na feithicle anois an PDMO ag tráth an chlárúcháin. I gcás den chineál seo, ríomhfar an aisíocaíocht bunaithe ar an PDMO ag tráth an chlárúcháin.

Gearrfar táille riaracháin €100 ar gach aisíocaíocht easpórtála agus asbhainfear é ón tsuim inaisíoctha. Le linn an CCF inaisíoctha a ríomh, asbhainfear aon aisíocaíocht a ndearnadh roimhe seo maidir leis an bhfeithicil ón CCF iarmharach.

Déanfar astaíochtaí CO2 na Sraithe Nua Eorpaí Tiomána (NEDC) a choigeartú go dtí luachanna an Nóis Imeachta Tástála Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP), más gá, sa chás gur cláraíodh an carr den chéad uair ar an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in An cháin a ghearradh.

Tabhair do d'aire:

Níl sa mhéid ar a dtugtar an tsuim aisíocaíochta CCF ach suim garbh, mar gheall go bhféadfadh sé go bhfuil feithiclí ar leith faoi réir Faoisimh Hibride, nó Faoisimh do Hibrid inluchtaithe, agus go mbeadh an tsuim aisíocaíochta CCF níos lú dá bharr. Ina leithéid de chás, nuair a dhéantar Scrúdú Easpórtála ag ionad SNTC, déanfar an Faoiseamh Hibride, nó an Faoiseamh do Hibrid inluchtaithe, a ríomhadh, de réir mar is cuí.

Ríomhanna samplacha d’aisíocaíochtaí CCF ag tráth na heaspórtála

Ar aghaidh: Fiosrú i dtaca le suim aisíocaíochta CCF