Faoisimh agus díolúintí

Scéim do dhaoine faoi mhíchumas

Ní fhéadann loghadh nó aisíocaíocht Cánach Bhreis Luacha (CBL) agus Cánach Chlárúcháin Feithicle (CCF) a bheith níos mó ná:

  • €10,000
  • €16,000
  • €22,000
  • €32,000
  • €48,000

ag brath ar chatagóir na n-oiriúnuithe a éilítear ina n-aghaidh, agus, i gcásanna áirithe, an é sealbhóir an teastas míochaine príomhúla an tiománaí nó an paisinéir.

Féadann na daoine seo a leanas é a éileamh:

  • tiománaithe le Bundeimhniú Liachta (PMC)
  • paisinéirí a bhfuil Bundeimhniú Liachta acu
  • daoine muinteartha atá ina gcónaí le, nó atá freagrach as paisinéirí a bhfuil bundeimhniú liachta acu
  • carthanais chláraithe atá i mbun daoine le bundeimhniú liachta a iompar, arb é a gcuspóir ná seirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

Ní mór míchumais fhisiceacha bhuana agus dhiana áirithe a bheith ag duine chun bundeimhniú liachta a fháil. Ní mór an fheithicil a bheith déanta nó oiriúnaithe go speisialta chun sealbhóir an bundeimhniú liachta a iompar. Ní fhéadann ach feithicil amháin cáiliú don scéim i leith tiománaí nó paisinéir ag aon tráth ar leith.

Féadtar éileamh a thíolacadh ar líne trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Cliceáil ar an gcnaipe 'Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas' faoi Seirbhísí Feithicle.

Tá eolas mionsonraithe le fáil maidir leis an scéim seo in Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas.

Deontas breosla

Tá an deontas breosla ar fáil d’fheithiclí atá sa scéim do thiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas. Féadtar é a éileamh ar líne suas le huasmhéid bliantúil:

  • 2,730 lítear, maidir le tiománaí nó paisinéir
  • 4,100 lítear, maidir le heagraíocht.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an suíomh idirlín na Roinne Airgeadais nó Tiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas.

Mótarcháin

Féadann feithicil atá sa scéim a bheith díolmhaithe chomh maith ó mhótarcháin a íoc. Ní mór duit, áfach, diosca mótarchánach bailí a fháil agus a chur ar taispeáint.

Clárúchán feithiclí nua ag díoltóirí mótair

Féadann díoltóirí mótair feithiclí nua cáilitheacha a chlárú leis an litir díolúine a fhaigheann an custaiméir ón Lár-Oifig Aisíocaíochtaí.

Clárúchán ag duine aonair

Teastaíonn na doiciméid chearta chun d’fheithicil a chlárú.

Féadfaidh sé gur gá Ceadú Feithicle Aonair le haghaidh feithiclí nua a oiriúnaítear. Ba chóir gach fiosrú maidir le Ceadú Feithicle Aonair a chur chuig an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann.

Aon fheithiclí athláimhe a chláraítear i stát eile agus a oiriúnaítear le húsáid faoin scéim, ní mór dearbhú athchóirithe comhlánaithe a bheith acu. Tá sé seo de bhreis ar na doiciméid a theastaíonn go hiondúil le haghaidh clárúcháin.

Iarratais

Féadtar iarratas a dhéanamh ar líne trí na seirbhísí ROS agus áiseanna eile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cé gurb iad na seirbhísí ar líne an rogha is tapúla, is éasca agus is áisiúla do mhórchuid chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim, níl rochtain ar líne ag roinnt bheag custaiméirí.

Dá bhrí sin, tá an rogha fós ann foirm pháipéir a chur isteach. Féadtar í seo a fháil ónár suíomh idirlín nó ón bhFo-Rannóg Foirmeacha agus Bileoga ar 01 738 36 75 (Luan go hAoine).

Féadfaidh sé go mbeidh soláthar seirbhíse níos moille le linn buaicthréimhsí, áfach. Ar an ábhar seo moltar duit an tseirbhís ar líne a úsáid, cibé uair is féidir.

Féadtar d’iarratas ar an scéim a sheoladh chuig:

SAORPHOST
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Lár-Oifig Aisíocaíochtaí 
Teach an tSáirséalaigh
Sráid Phroinséis
Luimneach
V94 R972.

Glaoigh ar: 01 738 36 71

Ar aghaidh: Buanfhaoisimh eile