Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe
    Síneadh a chur le léas
Sa chás go gcuirtear síneadh le comhaontú léasa le haghaidh feithicle agus:
- go bhfanann an léas in ainm duine nó an ghnó dhearbhaithe ag tráth chéadchlárúcháin na feithicle
- agus
- nach dtéann tréimhse an léasa os cionn 48 mí
ní mór don duine nó gnó a bhfuil an fheithicil cláraithe ina n-ainm, an dleacht agus ús breise a íoc. 
- Sampla 1
Síneadh curtha le léas le haghaidh 24 mí eile
| CCF Uasta = €10,000 | Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) dlite de ghnáth. |  
| An tsuim dlite = €2,100 | Tá an léas sa sampla seo ó 14 Meán Fómhair 2019 go 13 Lúnasa 2020 = 12 mí €10,000 * 21% (céatadán iníoctha le haghaidh 12 mí). |  
| CCF breise dlite anois = €2,400 | Síneadh le haghaidh 24 mí. An ráta CCF iníoctha le haghaidh 36 mí (12 mí bunaidh + 24 mí) ná 45%. Is é an CCF iníoctha le haghaidh 36 mí ná €4,500 (10,000 * 45%) lúide an €2,100 bunaidh a íocadh roimhe seo = €2,400. |  
| €2,400 * 0.0274% * 335 lá = €220 | Gearrtar ráta úis laethúil ar an tsuim bhreise ba chóir a bheith íoctha nuair a cláraíodh an carr den chéad uair. Sa chás seo, is é €2,400 an tsuim. Cuirfear an muirear i bhfeidhm ón gcéad dáta clárúcháin go dtí an dáta a rinneadh téarmaí an léasa a athrú. Sa chás seo 335 lá atá ann. |  
| Iomlán: €2,620 | Is é seo an tsuim iomlán CCF agus úis iníoctha anois chun síneadh 24 mí a chur leis an léas. |  
 
 
 
- Sampla 2
Síneadh curtha le léas le haghaidh 12 mhí eile
| CCF Uasta = €10,000 | Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) dlite de ghnáth. |  
| Suim CCF íoctha go dtí seo = €4,500 | Léas 36 mí ó Mheán Fómhair 2019 go Lúnasa 2022 atá sa sampla seo. Is é €4,500 an tsuim CCF a íocadh go dtí seo ar an gcarr ((€10,000 * 21% [12 mhí] + (€10,000 * 45% [36 mí])). |  
| CCF breise dlite = €900 | Is le haghaidh 12 mhí atá an dara síneadh. Is é 54% an ráta comhréireach iníoctha le haghaidh 48 mhí (an 12 mhí bunaidh + an chéad síneadh 24 mí + an síneadh 12 mhí). Is é an CCF iníoctha le haghaidh 48 mí ná €5,400 lúide an €4,500 a íocadh roimhe seo = €900. |  
| €900* 0.0274% * 1,080 lá = €266 | Gearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ráta úis laethúil ar an tsuim bhreise ba chóir a bheith íoctha ag an gcéad chlárú. Is é an t-ús atá dlite anois ná le haghaidh an líon laethanta suas go dtí dáta tosaigh an dara síneadh ar an léas. 1,080 lá atá ann sa chás seo. |  
| Suim iomlán iníoctha le haghaidh an tsínte = €1,166 | Is é seo an tsuim iomlán CCF agus an úis iníoctha chun síneadh 12 mhí a chur leis an léas. Suas go dtí an t-uasmhéid 48 mí don charr seo. |  
 
 
 
      
  		Ar aghaidh: An fheithicil a choinneáil