Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe
    Cén chaoi a gcáilíonn feithicil
Chun cáiliú, ní mór don fheithicil a bheith i gCatagóir A de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar feithiclí paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma iad. Ní fhéadann feithiclí a bhí cláraithe sa Stát tráth ar bith roimhe seo, leas a bhaint as an scéim.
Ní mór an fheithicil a chlárú in ainm duine aonair nó gnó atá cónaitheach sa Stát.
Ní mór go ndeimhneofaí an méid seo a leanas sna comhaontuithe léasa cáilitheacha:
- go mbeidh an fheithicil sa Stát go sealadach
 
- agus
 
- go bhfuil an tréimhse léasa idir 1 agus 48 mí féilire.
 
Ní mór an léas a bheith idir duine aonair nó gnó cónaitheach sa Stát agus gnó bunaithe i mBallstát eile. Ní mór don ghnó seo a bheith cláraithe le haghaidh CBL sa Stát agus Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a bheith aige.
      
  		Ar aghaidh: Iarratas comhlachta léasaithe