Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe

Léargas ginearálta

Le hAlt 135E den Acht Airgeadais, 1992, tugadh isteach ón 1 Iúil 2019 scéim íocaíochta comhréirí Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF). Baineann an scéim le feithiclí áirithe a dhéantar a léasú i mBallstát eile agus a chomhlíonann roinnt critéar cáilitheachta.

Ní mór uimhir chustaiméara leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith agat chun leas a bhaint as an scéim íocaíochta comhréirí.

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcáilíonn feithicil