Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithiclí nua agus déileálaithe mótar le feithiclí réamhiniúchta

Feithiclí nua

Chomh maith leis an gcustaim agus an Cháin Bhreisluacha (CBL) ar riachtanais iompórtála, má tá feithicil nua á hiompórtáil isteach sa Stát agat, ní mór an méid seo a leanas a bheith in éineacht leis i gcónaí:

Tá impleachtaí ann d’fheithiclí nua a chlárú tar éis na hidirthréimhse atá cineálcheadaithe ag Gníomhaireacht Deimhniúcháin Feithiclí na Ríochta Aontaithe. Tá doiciméid treorach ar chineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe eisithe ag an NSAI agus ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Moltar duit iad seo a chur san áireamh roimh fheithiclí nua a cheannach sa Ríocht Aontaithe.

Déileálaithe mótar le feithiclí réamhiniúchta

Féadann díoltóirí mótar údaraithe a bhfuil feithiclí réamhiniúchta acu roimh an 1 Eanáir 2021 iad a chlárú ar líne mar is gnách.

Féadtar mioneolas a fháil ar fheithiclí athláimhe a chlárú in Cáin Cláraithe Feithiclí.

Ar aghaidh: Na himpleachtaí CBL a bhaineann le feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann