Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann
Ag clárú feithiclí a fuarthas i dTuaisceart Éireann (TÉ)
Féadtar feithiclí athláimhe a ceannaíodh i dTuaisceart Éireann (TÉ) a iompórtáil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha Iompórtála (CBL) má iompórtáladh an fheithicil go dlíthiúil go TÉ.
Is féidir leat é sin a chruthú trí Dhearbhú Iompórtála TÉ a chur ar fáil a chruthaíonn gur iompórtáladh an fheithicil go TÉ de réir riachtanais Chreat Windsor.
I gcásanna áirithe, ní bhíonn Dearbhú Iompórtála TÉ ar fáil. D'fhéadfadh sé seo tarlú, mar shampla, i gcásanna mar seo a leanas:
- tháinig athrú ar úinéireacht na feithicle i dTÉ
- agus
- níorbh é an t-úinéir deireanach i dTÉ an duine a chomhlánaigh na foirmiúlachtaí Custam de réir mar atá faoi Chreat Windsor.
Más amhlaidh an cás, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá rogha féin, glacadh le cruthúnas eile. Ba chóir go léireodh an cruthúnas seo chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh an fheithicil a iompórtáil isteach go Tuaisceart Éireann mar is ceart. D'fhéadfadh cruthúnas a bheith san áireamh leis seo go raibh an fheithicil in úsáid i dTuaisceart Éireann sular cheannaigh tú í.
Beidh na cáipéisí seo a leanas ar a laghad ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim:
- an V5C bunaidh a d'eisigh an coimeádaí cláraithe deireanach tráth an cheannaigh, a léiríonn go bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann
- stair seirbhíse feithicle i TÉ
- agus
- stair tástála Ministry of Transport (MOT) i dTÉ.
Beidh gach doiciméad a chuirtear isteach mar chruthúnas faoi réir seiceálacha fíoraithe arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Sula gceannaíonn tú feithicil i dTÉ, cinntigh le do thoil go bhfuil na cáipéisí riachtanacha agat. Tabhair do d’aire, ach go háirithe an riachtanas nach mór an fheithicil shonrach a shainaithint. Gan na cruthúnais seo, ní bheidh tú in ann an fheithicil a chlárú sa Stát.
Ní mór feithiclí a iompórtáil isteach go TÉ de réir riachtanais Chreat Windsor. Mura ndéantar sin, d'fhéadfadh Dleacht Custam agus CBL Iompórtála teacht chun cinn sa bhreis ar an CCF.