AE-Ríocht Aontaithe - Tionscnamh fabhrach

Cóir fhabhrach taraife

Sa Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe, cuireadh deireadh le dleachtanna taraife maidir le trádáil idir an Aontas Eorpach (AE) agus an Ríocht Aontaithe i gcás ina gcomhlíontar na rialacha cuí maidir le tionscnamh.

Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go mbaineann an méid seo a leanas le héileamh ar chóir fhabhrach taraife:

  • ní fhéadtar é éileamh ar iompórtálacha go hÉirinn a dhéanamh ach sa chás gur de thionscnamh na Ríochta Aontaithe na hearraí.
  • ní fhéadtar éileamh ar iompórtálacha isteach sa Ríocht Aontaithe a dhéanamh ach sa chás gur de thionscnamh AE iad na hearraí.

Le tionscnamh táirge a chruthú, ba chóir don easpórtálaí ‘dearbhú tionscnamh’ a chur san áireamh ar:

  • shonrasc
  • aon doiciméid eile a dhéanann cur síos dóthanach ar an táirge chun gur féidir an táirge sin a shainaithint.

Féadann easpórtálaithe fianaise tacaíochta a fháil ó sholáthraithe ina sonraítear tionscnamh a gcuid táirgí i bhfoirm dearbhuithe soláthraí.

Tugtar foclaíocht an ‘dearbhú tionscnamh’ in Aguisín 7 den Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe.

Coinsíneachtaí ar luach nach lú ná €6,000 - Ní mór d’easpórtálaithe AE a úsáideann ‘dearbhú tionscnaimh’ a bheith cláraithe ar an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX).

Coinsíneachtaí ar luach nach mó ná €6,000 - Féadtar an ‘dearbhú tionscnaimh’ a dhéanamh gan aon dualgas a bheith cláraithe ar REX.

De rogha air sin, féadfar éileamh ar chóir fhabhrach taraife a dhéanamh ar bhonn ‘eolas an iompórtálaí’. Ligeann sé seo don iompórtálaí cóir fhabhrach taraife a éileamh bunaithe ar:

  • eolas i bhfoirm doiciméad tacaíocht
  • taifid a sholáthraíonn an t-easpórtálaí nó an monaróir

atá i seilbh an t-iompórtálaí.

Tá éilimh le haghaidh taraifí fabhracha san áireamh ar an dearbhú leictreonach custam. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Import declaration codes in AIS.

Ar aghaidh: Córas d'Easpórtálaithe Cláraithe (REX)