AE-Ríocht Aontaithe - Tionscnamh fabhrach

Córas d'Easpórtálaithe Cláraithe (REX)

Ní mór d’easpórtálaithe Éireannacha atá ag easpórtáil go dtí an Ríocht Aontaithe ag úsáid ‘dearbhú tionscnamh’ clárú ar an gcóras REX. Is éard atá sa chóras REX ná córas féin-dheimhnithe ag easpórtálaithe atá cláraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim in REX. Simplíonn sé gnásanna easpórtálacha trí ligean don easpórtálaí cláraithe an tionscnamh fabhrach a dheimhniú. Déantar é seo trí dhearbhú sonrach a chur san áireamh ar an sonrasc nó ar aon doiciméad eile trína bhféadtar an táirge sin a shainaithint.

Mar sin, níl dualgais ar an easpórtálaí cláraithe iarratas a dhéanamh ar gach easpórtáil le haghaidh deimhniú tionscnaimh a eisiúint. Féadfaidh le easpórtálaithe neamhchláraithe tionscnamh na hearraí a dheimhniú le haghaidh lastaí a bhfuil luach níos lú na €6000 acu. Tá sonraí faoin údarú chun an córas REX a úsáid ar fáil in Córas d’Easpórtálaithe Cláraithe.

Ar aghaidh: Cóid dhearbhaithe iompórtála in CIU