AE-Ríocht Aontaithe - Tionscnamh fabhrach

Samplaí

Sampla 1 - Trealamh gleacaíochta a easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe. Tá an luach níos mó ná €6,000.

Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh chun leas a bhaint as an cóir fhabhrach taraife faoin gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe:

  • Ní mór duit nó do ghníomhaire dearbhú easpórtála a thíolacadh don trealamh gleacaíochta.
  • Ní mór duit a bheith cláraithe ar an gCóras Easpórtálaithe Cláraithe (REX). *
  • Ní mór fianaise a bheith agat i bhfoirm doiciméad agus taifead go bhfuil tionscnamh AE ag na hearraí faoi théarmaí an Chomhaontaithe.
  • Ní mór duit an méid seo a leanas a chur san áireamh ar do shonrasc nó doiciméad eile:
    • d’uimhir REX
    • agus
    • téacs caighdeánach an ‘ráitis ar thionscnamh’

Ní mór go ndéanfaidh an sonrasc nó an doiciméad a úsáidtear cur síos mhionsonraithe go leor ar thionscnamh an táirge le gur féidir an táirge sin a aithint. Ni mór duit gach doiciméad agus taifead a choinneáil ar feadh ceithre bliana.

* De rogha ar a bheith cláraithe ar REX, féadann iompórtálaí de chuid na Ríochta Aontuithe éileamh a dhéanamh ar chóir fhabhrach taraife sa Ríocht Aontaithe ar bhonn ‘eolas an iompórtálaí’. Ní mór duit, mar easpórtálaí, fianaise a sholáthar d’iompórtálaí na Ríocht Aontaithe go bhfuil tionscnamh AE ag na hearraí. Ligeann ‘eolas an iompórtálaí’ d’iompórtálaí na Ríochta Aontaithe cóir taraife fabhrach a éileamh bunaithe ar a eolas féin faoi stádas tionscnaimh táirgí iompórtáilte. Tá an eolas seo bunaithe ar:

  • eolas i bhfoirm doiciméad tacaíochta nó taifid arna soláthair agat mar iompórtálaí, monaróir nó táirgeoir an táirge
  • agus
  • nach mór a bheith i seilbh ag an t-iompórtálaí.

Soláthraíonn an eolas seo fianaise bhailí go gcáilíonn an táirge mar tháirge de thionscnamh an AE. Mar gheall go bhfuil iompórtálaí na Ríocht Aontaithe ag déanamh éilimh ag úsáid a chuid eolais féin:

  • ní úsáidtear aon 'ráiteas ar thionscnamh'
  • níl gá aon easpórtálaí, monaróir nó táirgeoir a aithint
  • agus
  • ní gá duitse, mar easpórtálaí, aon gníomh a dhéanamh a bhaineann le tionscnamh fabhrach earraí.

Sampla 2 - Trealamh gleacaíochta a easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe. Tá an luach níos lú ná €6,000.

Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh chun leas a bhaint as an cóir fhabhrach taraife faoin gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe:

Is mar a chéile é an bpróiseas mar atá thuas i Sampla 1. Ní gá duit clárú in REX chun ‘ráiteas ar thionscnamh’ a chur san áireamh ar an sonrasc nó ar dhoiciméad eile cuí.

Sampla 3 - Trealamh gleacaíochta a iompórtáil ón Ríocht Aontaithe. Tá an luach níos lú ná €6,000.

Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh chun leas a bhaint as an cóir fhabhrach taraife faoin gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe:

  • Ní mór duit nó do ghníomhaire dearbhú iompórtála thíolacadh don trealamh gleacaíochta.
  • Ní mór duit cruthúnas a bheith agat go bhfuil tionscnamh na Ríocht Aontaithe ag na hearraí atá á n-iompórtáil agat. De ghnáth is sonrasc é seo a bhfuil ‘ráiteas ar thionscnamh’ ann. Déanann easpórtálaí na Ríochta Aontaithe é seo a ullmhú agus bíonn uimhir thagartha easpórtálaí na Ríochta Aontaithe (uimhir EORI) san áireamh.
  • Mura bhfuil ráiteas tionscnaimh den chineál sin agat, féadfaidh tú, ag brath ar eolas atá ar fáil duit, cóir fabhrach a éileamh bunaithe ar ‘d’eolas iompórtálaí’. Ligeann ‘eolas an iompórtálaí’ duit cóir taraife fabhrach a éileamh bunaithe ar a eolas féin faoi stádas tionscnaimh táirgí atá a n-iompórtáil agat. Tá an t-eolas seo bunaithe ar eolas a chuireann easpórtálaí, monaróir nó táirgeoir an táirge ar fáil duit, an t-iompórtálaí. Ba chóir don eolas seo a bheith i bhfoirm doiciméad tacaíochta nó taifid. Soláthraíonn an eolas seo fianaise bhailí go gcáilíonn an táirge mar tháirge de thionscnamh na Ríocht Aontaithe. Mar gheall go bhfuil éileamh á dhéanamh agat ag úsáid d’eolas féin:
  • ní theastaíonn aon 'dearbhú tionscnamh’
  • níl gá aon easpórtálaí, monaróir nó táirgeoir a aithint
  • agus
  • níl gá dóibh aon ghníomh eile a dhéanamh a bhaineann le tionscnamh fabhrach earraí.

Tabhair do d’aire

Teastaíonn uimhir EORI an t-easpórtálaí de chuid na Ríochta Aontaithe le haghaidh gach ‘ráiteas ar thionscnamh’ le linn na hiompórtála ón Ríocht Aontaithe. Níl aon díolúine ann do lastaí ar luach nach mó ná €6,000.

Tuilleadh eolais

Le haghaidh aon eolas breise déan teagmháil:

Rannán Tionscnamh, An Rannóg Custam.

Ríomhphost: origin&quotasection@revenue.ie.