Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Léargas ginearálta

Is ón Ríocht Aontaithe a fhaightear formhór na bhfeithiclí athláimhe a iompórtáiltear chun an Stáit as tíortha thar lear. Cinntíonn an rannán seo go bhfuil custaiméirí ar aon eolas faoi na himpleachtaí atá i gceist le próiseas cláraithe feithiclí na Breataine Móire agus iad mar thríú tír chun críocha Custam.

Tagann athrú fíorshuntasacha i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Má iompórtálann tú carr athláimhe ón mBreatain Mhór, nó trí Thuaisceart Éireann, ba chóir duit costais bhreise a chur san áireamh mar gheall ar  Cháin Bhreisluacha (CBL) ag tráth na hiompórtála.  Féadfaidh sé go mbeidh ort dleacht custam a chur san áireamh chomh maith.  Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo feithicil a cheannaigh tú i dTuaisceart Éireann ach a bhí in úsáid nó a bhí cláraithe cheana sa Bhreatain Mhór. 

Tá sonraí ar na riachtanais shonracha i leith gach ceann leagtha amach sna leathanaigh sa rannán seo.

Tabhair do d’aire:

Níl aon tionchar ag imeacht an Ríocht Aontaithe ón AE ar an dliteanas CCF nó ar Phraghas Díola ar an Margadh Oscailte na feithicle. 

Ar aghaidh: Feithiclí nua agus déileálaithe mótar le feithiclí réamhiniúchta