Ráiteas Sonraí Cuideachta

Ní mór do gach cuideachta chorpraithe nó a thosaíonn gníomhaíochtaí trádála sa Stát Ráiteas Sonraí a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór don chuideachta Ráiteas Sonraí a chomhlánú (Foirm 11F CRO) chun an t-eolas cuí a chur ar fáil. Déantar é seo faoi Alt 882 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 agus taobh istigh de 30 lá i ndiaidh don chuideachta trádáil a thosú.

Teastaíonn Ráiteas Sonraí sna cásanna seo chomh maith:

  • nuair a bhíonn athrú ábhartha san fhaisnéis a tugadh ar an Ráiteas Sonraí a thug an chuideachta roimhe sin
  • nuair a chuireann cigire de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim fógra orthu go dteastaíonn ráiteas den chineál sin uathu.

Ní mór na ráitis seo a chur ar fáil taobh istigh de 30 lá den athrú nó den iarratas.

Má fhaigheann an chuideachta fógra ó chigire ag iarraidh orthu foirm fiosraithe a chomhlánú maidir leis an Ráiteas Sonraí, ba chóir don chuideachta Síniú isteach chun freagra a thabhairt ar Litir um Fhiosrú i leith Cuideachta. Teastóidh a n-uimhir leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chomh maith leis an Uimhir Rochtana Slándála a sholáthraítear ar an fógra chun teacht ar an bhfoirm seo.

Loiceadh an Ráiteas Sonraí a Tíolacadh

Má loiceann cuideachta Ráiteas Sonraí a chur isteach, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí. Féadfaidh an Cláraitheoir ansin tús a chur leis an bpróiseas an chuideachta a bhaint den chlár, faoi Alt 726 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Beidh an chuideachta agus an rúnaí araon faoi dhliteanas pionós ar leithligh. Gearrtar an pionós ar leithligh seo faoi Alt 1073 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Mura bhfuil trádáil déanta ag an gcuideachta agus mura bhfuil sé i gceist ag an gcuideachta dul i mbun trádála, ba chóir di teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus iarratas a dhéanamh go mbainfí den chlár iad.

Tabhair do d’aire

Mura bhfuil trádáil déanta ag an gcuideachta agus mura bhfuil sé i gceist ag an gcuideachta dul i mbun trádála, ba chóir di teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus iarratas a dhéanamh go mbainfí den chlár iad.

Ríomh-Chlárúchán

Má tá an chuideachta tar éis dul i mbun trádála, féadfaidh gníomhaire na cuideachta úsáid a bhaint as an ríomh-Chlárúchán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim (ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)) chun an chuideachta a chlárú le haghaidh:

É sin nó féadfaidh an chuideachta Foirm TR2 a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.