Ceadúnas Miondíoltóra Biotáille Meitilí

  1. Léargas ginearálta
  2. An chéad iarratas ar Cheadúnas Biotáille Meitilí
  3. Ceadúnas Biotáille Meitilí a athnuachan

An chéad iarratas ar Cheadúnas Biotáille Meitilí

Cuir d'Fhoirm Iarratais chomhlánaithe chuig an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Ar aghaidh: Ceadúnas Biotáille Meitilí a athnuachan