DAC1
Léargas ginearálta
Is minic a thugtar DAC1 ar an Treoir ón gComhairle 2011/16/AE (DAC). Cuireadh chun feidhme é trí I.R. 549 de 2012 (Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Comhoibriú Riarachán i réimse an Chánachais), 2019, 2012).
Faoi DAC1, tá dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis áirithe a bhaineann le hioncam agus caipiteal cónaitheoirí Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) a roinnt. Is iad seo a leanas na sé chatagóir ar a malartaítear faisnéis faoi láthair:
- Ioncam fostaíochta.
- Táillí stiúrthóra.
- Pinsin.
- Úinéireacht agus ioncam ó mhaoin dho-aistrithe.
- Táirgí árachais saoil.
- Ríchíosanna tugtha isteach ag Treoir (AE) 2021/514 (DAC7) ón gComhairle.
Tabhair do d’aire
Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a bhaineann le táirgí árachais saoil ó Bhallstáit eile an AE ach ní mhalartaíonn siad é.
Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a bhaineann le ríchíosanna agus malartóidh siad faisnéis a bhaineann le ríchíosanna, má tá siad ar fáil, ó 2026 ar aghaidh.
Ar aghaidh: Foinse na faisnéise le haghaidh malartú