DAC1

Foinse na faisnéise le haghaidh malartú

Baintear faisnéis le haghaidh malartú faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (DAC1) as tuairisceáin chánach. Ina measc seo tá Tuairisceáin Chánach Ioncaim (Foirm 11) agus Tuairisceáin Cánach Maoine Áitiúla tíolactha leis na Coimisinéirí Ioncaim ag custaiméirí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile an Aontais Eorpaigh (AE). Áirítear le faisnéis aitheantais ainm, seoladh agus dáta breithe. Ní mór do thíolaiceoirí neamhchónaitheacha a ndlínse cónaithe agus a nUimhir Tagartha Cánach (UTC) a sholáthar sa tír sin freisin.

Baintear na sonraí ábhartha DAC1 as tuairisceáin chánach sa chás gur Ballstát eile de chuid an AE an dlínse chónaithe.

Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú