DAC1

Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú

Rinneadh sonraí chun críocha Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (DAC1) a mhalartú den chéad uair i mí an Mheithimh 2016. Bhain sé seo le tréimhsí incháinithe ag tosú ar 1 Eanáir 2014, nó dá éis. Leanann na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh ag déanamh malartuithe bliantúla i faoin 30 Meitheamh gach bliain ar shonraí a bhaineann leis an tréimhsí incháinithe roimhe sin. Mar shampla, malartaíodh faisnéis a bhaineann le tuairisceáin chánach a tíolacadh i leith 2022 i Meitheamh 2024.

Déantar faisnéis DAC1 a mhalartú go díreach le Ballstát cónaithe Aontais Eorpaigh (AE) an cháiníocóra.