Praghsáil aistrithe (iarratais MAP san áireamh)

Réamh-Chomhaontú Praghsála (RCP)

De ghnáth, is comhaontú ceangailteach é RCP déthaobhach idir dhá chóras riartha cánach agus na cáiníocóirí bainteacha. Déantar é seo faoi threoir an chomhaontaithe cánachais dúbailte ábhartha. Rialaíonn sé an chaoi a ndéileáltar le hidirbhearta amach anseo ó thaobh cánach de idir cáiníocóirí bainteacha.

Go bunúsach, faoin RCP, déantar soiléiriú ar an gcóir chánach ar idirbhearta bainteacha na gcóras riartha cánach agus na gcáiníocóirí araon ar feadh na tréimhse clúdaithe.

Thug na Coimisinéirí Ioncaim clár foirmiúil déthaobhach RCP isteach le héifeacht ó 1 Iúil 2016. Tugtar soiléiriú do cháiníocóirí tríd an gclár foirmiúil seo a bheith á thabhairt isteach agus á fhoilsiú ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an méid seo:

  • an próiseas atá i gceist le cur isteach ar RCP déthaobhach, agus
  • na riachtanais tuairiscithe agus riaracháin, ón uair a dheantar comhaontú ar RCP.

Tá treoir maidir le hoibriú an chláir ar fáil i dtreoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim in Bilateral Advance Pricing Agreement Guidelines.

Ar aghaidh: Alt 9 éilimh um choigeartú chomhghaolach