Praghsáil aistrithe (iarratais MAP san áireamh)

Ról an údaráis inniúil

Tá an méid seo a leanas i gceist le húdarás inniúil:

  • is téarma é a úsáidtear i gconarthaí cánachais dúbailte
  • táthar tiomanta do chinntiú go bhfeidhmítear conradh cánachais dúbailte de mheon macánta
  • féachfaidh an t-údarás inniúil le ceisteanna a réiteach de réir an chomhaontaithe cánachais chuí.

Is iad na Coimisinéirí Ioncaim an t-údarás inniúil in Éirinn.

Féadtar cabhair a lorg ó údarás inniúil chun díospóid a réiteach a thagann aníos faoi chomhaontú cánachais dúbailte. Féachann feidhm an údaráis inniúil le díospóidí praghsála aistrithe idirnáisiúnta a réiteach trí idirbheartaíocht le húdaráis chánach i ndlínsí pháirtithe an chomhaontaithe.

Tugtar léargas ginearálta sa tuairisc The Role of the Competent Authority ar ról an údaráis inniúil in Éirinn i dtaca le díospóidí cánach idirnáisiúnta a réiteach.

Ar aghaidh: Nósanna Imeachta um Chomhaontuithe Frithpháirteacha (MAP)