Praghsáil aistrithe (iarratais MAP san áireamh)

Alt 9 éilimh um choigeartú chomhghaolach

Is éard is coigeartú comhghaolach ann ná coigeartú brabúis faoi théarmaí Comhaontaithe um Chánachas Dúbailte (CCD) atá ag Éirinn le tír eile. Is é an cuspóir atá le coigeartú comhghaolach ná chun faoiseamh ó chánachas dúbailte a chur ar fáil do chomhlacht.

Tagann cásanna maidir le coigeartú comhghaolach chun cinn nuair a ghlacann comhlacht le coigeartú a d’ardaigh córas riartha cánach eachtrach. Ní mór gur íoc an comhlacht an cháin bhreise atá le híoc mar thoradh ar an gcoigeartú. Féadann comhlachtaí atá cónaitheach in Éirinn chun críocha conartha faoiseamh ó chánachas dúbailte a lorg a thiocfadh aníos i gcásanna den chineál sin. Déantar é seo trí héileamh i leith coigeartú comhghaolach a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór go ndéantar éilimh i leith coigeartú comhghaolach leis an Form CA1 forordaithe. Áirítear sna Guidelines for Article 9 Correlative Adjustment Claims eolas i ndáil le héileamh i leith coigeartú comhghaolach a dhéanamh.