Praghsáil aistrithe (iarratais MAP san áireamh)

Nósanna Imeachta um Chomhaontuithe Frithpháirteacha (MAP)

Is éard atá i gceist le MAP ná modh trína bhféadann údaráis inniúla dul i gcomhairle a chéile chun díospóidí a réiteach maidir le feidhmiú comhaontuithe cánachais dúbailte.

Faoin airteagal MAP i gcomhaontuithe cánachais dúbailte, féadann údaráis inniúla idirghníomhú lena chéile agus é ar intinn acu díospóidí cánach idirnáisiúnta a réiteach. Tá cásanna cánachais dúbailte i gceist leis na díospóidí seo inar gearradh cáin ar na brabúis chéanna in dhá dhlínse.

Tá nós imeachta bunaithe sa choinbhinsiún European Union (EU) Arbitration Convention chun díospóidí praghsála aistrithe a réiteach do Bhallstáit AE.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag an nós imeachta seo sa chás go dtarlaíonn cánachas dúbailte idir fiontair i mBallstáit éagsúla AE.

Tugann an Treoir ón gComhairle AE ar Shásraí i leith Díospóidí Cánach a Réiteach san Aontas Eorpach bealach le díospóidí cánach trasteorann a réiteach. Tugann I.R. Uimh. 306/2019 éifeacht dó seo in Éirinn. Baineann na Rialacháin le díospóidí a thagann aníos maidir le blianta cánach dar tús an 1 Eanáir 2018 nó dá éis.

I ndeireadh na dála, is é cuspóir an phróisis MAP ná chun:

  • idirbheartaíocht a dhéanamh ar shuíomh feidhmithe neamhspleách atá inghlactha don dá údarás inniúla
  • agus
  • féachaint le cánachas dúbailte a sheachaint do cháiníocóirí.

Tá eolas ar an bpróiseas MAP in Éirinn ar fáil sna treoirlínte Mutual Agreement Procedures Guidelines (including Correlative Adjustments).

Ar aghaidh: Réamh-Chomhaontú Praghsála (RCP)