Creidmheas Cánach Corparáide Taighde & Forbartha (T&F)

Físeáin cén chaoi – Nós imeachta éilimh ar chreidmheas cánach corparáide T&F

Seo thíos ár gcur i láthair físe treoirlínte ginearálta 4 chuid maidir le comhlánú na bpainéal Taighde agus Forbartha (T&F) ar Fhoirm CT1 2024 le haghaidh:

  • Caiteachas T&F a tabhaíodh sa bhliain chuntasaíochta dar críoch 2024
  • agus
  • tráthíocaíochtaí atá fós dlite ó bhlianta roimhe sin 2022 agus 2023.

Clúdaíonn gach cuid topaicí áirithe.

Cuid 1

An reachtaíocht, lena n-áirítear conas na hailt le haghaidh deontais agus costais fochonraitheoir a chomhlánú i gceart.

Cuid 2

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh ar mhéideanna a tugadh ar aghaidh faoi Alt 766(4B), lena n-áirítear treoir maidir leis na painéil ábhartha a chomhlánú ar Fhoirm CT1 i leith na dtráthíocaíochtaí ó bhlianta 2022 agus 2023.

Cuid 3a agus 3b

Cén chaoi le héilimh a dhéanamh faoi Alt 766C.

Cuid 4

Cén chaoi le faoiseamh grúpa a éileamh, chomh maith le hathbhreithniú ar chuid de na botúin choitianta a rinneadh agus Foirm CT1 2024 á gcomhlánú.

Soláthraíonn na físeáin thuas treoir maidir le tíolacadh amach na bpainéil Taighde agus Forbartha ar Fhoirm CT1 2024 amháin. Níl siad le húsáid mar chomhairle ghairmiúil nó dlí. Níor chóir glacadh leis go bhfuil an treoir chuimsitheach nó go soláthraíonn sí freagra cinntitheach i ngach cás.

Féach Lámhleabhar Research and Development (R&D) Tax and Duty Manual Part 29-02-03 le haghaidh treoir reachtaíochta.