Creidmheas Cánach Corparáide Taighde & Forbartha (T&F)
Riachtanas maidir le fógra réamhthíolactha
I gcás tréimhsí cuntasaíochta dar tús an 1 Eanáir 2024, nó dá éis, ní mór do chuideachtaí a éilíonn an creidmheas den chéad uair na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas sula ndéanann siad a n-éileamh. Baineann an riachtanas seo freisin le cuideachtaí nár éiligh an creidmheas sna trí bliana roimhe sin. Ní mór do chuideachtaí foirm fógra réamhthíolactha a thíolacadh 90 lá ar a laghad sula ndéantar an t-éileamh ar an gcreidmheas.
Má tá éileamh déanta ag cuideachta ar an gCreidmheas Cánach Corparáide Taighde agus Forbartha (T&F) nó ar an gCreidmheas Cánach T&F in aon cheann de na trí bliana roimhe sin, ní bheidh orthu an fógra réamhthíolactha a chomhlánú.
Ní mór an fhoirm fógra réamhthíolactha a thíolacadh trí M'Fhiosruithe trí ROS. Chun an fhoirm fógra réamhthíolactha a thíolacadh, cliceáil ar M'Fhiosruithe agus roghnaigh:
- an catagóir 'Cáin Chorparáide'
- agus
- an fochatagóir 'Fógra Réamhthíolactha T&F'.
Ar aghaidh: Cén chaoi le héileamh a dhéanamh