Creidmheas Cánach Corparáide Taighde & Forbartha (T&F)
Critéir cháilitheacha
Féadfaidh cuideachta cáiliú don Chreidmheas Cánach Taighde agus Forbartha (T&F) nó don Chreidmheas Cánach Corparáide Taighde agus Forbartha más rud é:
- go bhfuil sé faoi mhuirear Cánach Corparáide in Éirinn
- go ndéanann sé gníomhaíochtaí cáilitheacha T&F in Éirinn, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó sa Ríocht Aontaithe
- agus
- nach gcáilíonn an caiteachas d'asbhaint chánach i dtír eile.
Gníomhaíochtaí cáilitheacha T&F
Chun cáiliú don Chreidmheas Cánach T&F, ní mór go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomhaíochtaí T&F na cuideachta:
- gur gníomhaíochtaí córasacha, iniúchacha nó turgnamhacha iad
- go bhfuil siad i réimse na heolaíochta nó na teicneolaíochta
- go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na catagóirí T&F seo a leanas i gceist leo:
- taighde bunúsach
- taighde feidhmeach
- forbairt thurgnamhach
- go bhfuil dul chun cinn eolaíochtúil nó teicneolaíoch á lorg acu
- agus
- go bhfuil neamhchinnteacht eolaíochtúil nó theicneolaíoch á réiteach acu.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na gníomhaíochtaí T&F a cháilíonn don Chreidmheas Cánach T&F, féach Tax and Duty Manual Part 29-02-03.
Ar aghaidh: Riachtanas maidir le fógra réamhthíolactha