Creidmheas Cánach Corparáide Taighde & Forbartha (T&F)

Léargas ginearálta

D'fhéadfadh caiteachas a thabhaíonn cuideachta ar ghníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha (T&F) cáiliú do na nithe seo a leanas:

  • Creidmheas Cánach T&F
  • Creidmheas Cánach Corparáide T&F.

Ríomhtar an dá cheann ag 25% den chaiteachas cáilitheach. Do thréimhsí cuntasaíochta dar tús an 1 Eanáir 2024, tá an ráta méadaithe go 30%.

Faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, féadfaidh cuideachta roghnú an Creidmheas Cánach T&F nó an Creidmheas Cánach Corparáide T&F a éileamh le linn idirthréimhse. Go ginearálta, tá feidhm ag an idirthréimhse maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch idir an 31 Nollaig 2022 agus an 30 Nollaig 2023.

Féadfaidh cuideachta roghnú creidmheasanna inaisíoctha atá dlite i leith éileamh ar Chreidmheas Cánach T&F a dhéantar i dtréimhsí cuntasaíochta dar tús roimh an 1 Eanáir 2022 a luathú. Féadtar éileamh chun na híocaíochtaí a luathú a dhéanamh i dtuairisceán sonraithe do thréimhse chuntasaíochta dar tús an 1 Eanáir 2022 nó dá éis sin.

Ní mór éileamh ar an gCreidmheas Cánach Corparáide T&F a dhéanamh i leith tréimhsí cuntasaíochta dar tús an 1 Eanáir 2023 nó dá éis sin. Aisíocfar an creidmheas Cánach Corparáide T&F i dtrí thráthíocaíocht bhliantúla.

Ní dhéantar an creidmheas Cánach Corparáide T&F a fhritháireamh in aghaidh dhliteanais Cánach Corparáide na cuideachta. Ní mór don chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an tráthíocaíocht mar ró-íocaíocht, lena fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach, nó le haisíoc.

Ar aghaidh: Critéir cháilitheacha