Gairmeacha

Clár Iarchéime na nOifigeach Riaracháin

Ag Seoladh go Luath - Clár Iarchéime na nOifigeach Riaracháin

Ceapacháin na gCoimisinéirí Ioncaim chuig Poist do Chéimithe mar Oifigigh Riaracháin 2026.

A Chéimithe, ar mhaith libh gairm bheatha a thosú i réimse na cánach? Tar ag obair linn mar Oifigeach Riaracháin, is cuma cén chéim atá agat, gheobhaidh tú deis anseo chun fás agus tionchar a imirt.

Cláraigh do spéis inár gClár Iarchéime Oifigeach Riaracháin 2026 trí chuairt a thabhairt ar ár gCóras Rianaithe d'Iarratasóirí, agus bí i measc na gcéad daoine a gheobhaidh amach nuair a osclaítear na hiarratais.

Mar chuid den chlár, tabharfar tacaíocht duit barr do chumais a bhaint amach trí oiliúint struchtúrtha agus meantóireacht, chomh maith le cáilíocht chánach aitheanta a fháil. Forbróidh tú punann leathan freisin trí thaithí a fháil i réimsí éagsúla oibre a chuirfidh ar do chumas dul chun cinn a dhéanamh ar do ghairm bheatha, chomh maith le difríocht a dhéanamh ar scála mór.

Beidh róil ar fáil i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach, lena n-áirítear socruithe nua oibre solúbtha. Tairiscítear teidlíochtaí saoire bhliantúla agus tuarastal tarraingteach leis an gclár.

Léigh tuilleadh faoi Chlár Iarchéime Oifigeach Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim.