Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005

Léargas ginearálta

Féadfaidh duine gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim má cheapann sé nó sí gur mhainnigh an eagraíocht forálacha Ailt 25 go 28 den Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh. Baineann na hAilt sin den Acht le rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar na nithe seo a leanas:

  • foirgnimh phoiblí na gCoimisinéirí Ioncaim
  • scéimeanna agus seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim
  • seirbhísí agus earraí arna gceannach ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • faisnéis.

 Má theastaíonn cúnamh ó dhuine le gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí inrochtana, féadfaidh sé nó sí dul i dteagmháil lenár nOifigigh Rochtana[LINK] a thabharfaidh cúnamh dóibh, a mhéid is féidir, agus iad ag déanamh a ngearáin.

Ar aghaidh: Ról an Oifigigh Fiosrúcháin