Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005

Gearán a imscrúdú

  • Nuair a fhaightear gearán, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig Oifigeach Fiosrúcháin lena imscrúdú. Admhóidh an Oifigeach Fiosrúcháin go bhfuarthas an gearán a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis a fuarthas é.
  • Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán a scrúdú le féachaint an mbaineann sé le faillí líomhainte de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh. Má tá an gearán neamhbhailí, .i. mura mbaineann sé le hábhair atá folaithe in Ailt 25 go 28 den Acht, déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an méid sin a chur in iúl don ghearánaí agus tabharfaidh sé nó sí cúiseanna ag tacú leis an gcinneadh sin, agus, más féidir, cuirfidh sé nó sí comhairle ar an ngearánaí maidir le deiseanna eile sásaimh.
  • Sa chás ina measann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl don Bhainisteoir Seirbhísí do Chustaiméirí agus don ghearánaí i scríbhinn, agus tabharfaidh sé nó sí an deis don ghearánaí uiríll a dhéanamh ar an ábhar. Ina mhalairt de chás, déanfaidh sé nó sí an gearán a imscrúdú.
  • Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuilleadh faisnéise/sonraí a iarraidh ar an duine a rinne an gearán agus féadfaidh sé nó sí a éileamh go gcuirfear faisnéis/sonraí den sórt sin ar fáil laistigh de dhá sheachtain ó iarradh í nó iad.
  • Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle le gach páirtí is cuí leis maidir leis an ábhar agus faisnéis/tuarascálacha/comhaid a iarraidh, mar aon le haon sonraí eile ó oifigigh ábhartha. Ní mór aon fhaisnéis a iarrfar a chur ar fáil laistigh de dhá sheachtain ó iarradh í.
  • I gcúrsa an imscrúdaithe, féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin agallamh a dhéanamh le haon duine a mheasann sé nó sí a bheith cuí, lena n-áirítear an duine a rinne an gearán, chun faisnéis a fháil.
  • Coinneoidh an tOifigeach Fiosrúcháin taifead scríofa dá (h)imscrúdú.
  • Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuarascáil scríofa maidir le torthaí an imscrúdaithe, ina leagfar amach na torthaí mar aon le cinneadh i ndáil le:
  • cibé ar mhainnigh na Coimisinéirí Ioncaim cloí le foráil ábhartha an Achta um Míchumas nó nár mhainnigh; agus
  • i gcás inar tharla mainneachtain den sórt sin, na bearta atá le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chinntiú go gcomhlíonfar an fhoráil ábhartha nó na forálacha ábhartha den Acht as seo amach.
  • Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip den tuarascáil don duine a rinne an gearán agus don Chathaoirleach.
  • Críochnóidh an tOifigeach Fiosrúcháin an tuarascáil laistigh de 20 lá oibre ón uair a gheofar gach faisnéis is gá, lena n-áirítear faisnéis bhreise a iarrtar ar an ngearánaí. I gcás nach bhfuil tuarascáil iomlán ar fáil laistigh de 20 lá, seolfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin freagra eatramhach agus tabharfaidh sé nó sí le fios cén uair a bheidh an tuarascáil ar fáil.
  • Beidh deireadh le himscrúdú an ghearáin nuair a dhéanfar an tuarascáil a sholáthar don duine a rinne an gearán agus don Chathaoirleach.
  • Cuirfear in iúl don ghearánaí go bhfuil sé de cheart aige nó aici achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman.