Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005

Gearán a dhéanamh

Féadfaidh duine é nó í féin gearán a dhéanamh, nó féadfaidh sé nó sí gearán a dhéanamh trí na daoine seo a leanas dá c(h)uid: 

  • céile, páirtí, tuismitheoir nó gaol
  • caomhnóir nó duine atá ag gníomhú in loco parentis don duine sin
  • ionadaí dlí
  • abhcóide pearsanta, arna shannadh ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun labhairt thar ceann an duine sin
  • duine eile a phléadálann ar son an duine sin lena thoiliú nó lena toiliú. 

Ní mór gearán a dhéanamh i scríbhinn, facs nó ríomhphost san áireamh. Ba chóir go soláthrófaí ann sonraí uile teagmhála an duine atá ag déanamh an ghearáin.

Ba chóir go sonrófaí sa ghearán gur gearán atá ann faoi Alt 38 den Acht um Míchumas, 2005. Ba chóir go leagfaí amach ann, chomh soiléir agus is féidir, na forais le haghaidh an ghearáin maidir le mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim rochtain a chur ar fáil faoi Ailt 25 go 28 den Acht.

Ní mór an gearán a sheoladh chuig:

An Bainisteoir Seirbhísí do Chustaiméirí
An Rannóg Pleanála
An Chéad Urlár
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamainn
Baile Átha Cliath 2
D02 TD99.

Ríomhphost: accessofficer@revenue.ie

Ar aghaidh: Gearán a imscrúdú