Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005

Ról an Oifigigh Fiosrúcháin

Tá Oifigigh Fiosrúcháin ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim chun gearáin arna ndéanamh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas a imscrúdú.

Déanfaidh na hOifigigh Fiosrúcháin imscrúdú neamhspleách go príobháideach agus soláthróidh siad tuarascáil ina ndéarfar: 

  • má tá do ghearán bailí
  • cibé ar mhainnigh na Coimisinéirí Ioncaim cloí le forálacha ábhartha an Achta um Míchumas nó nár mhainnigh
  • agus
  • sa chás inar tharla mainneachtain, leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna atá le glacadh chun a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha an Achta as seo amach.

Ar aghaidh: Gearán a dhéanamh