Nósanna imeachta um achomhairc reachtúla

Léargas ginearálta

Tá trí chóras reachtúla ar leithligh ann trína gcuirtear ar do chumas achomharc a dhéanamh ar chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar achomharc a dhéanamh:

  • leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach
  • le hOifig an Ombudsman
  • leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ní chuirfear isteach ar chaoi ar bith ar do chearta reachtúla má bhaineann tú leas as nósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um ghearáin agus athbhreithnithe.

Ar aghaidh: An Coimisiún um Achomhairc Chánach