Nósanna imeachta um achomhairc reachtúla

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Tá sé in aghaidh an dlí idirdhealú a dhéanamh i dtaca le seirbhísí a sholáthar, maoin a dhiúscairt nó teacht ar oideachas ar aon cheann de na forais seo a leanas:

  • inscne
  • stádas sibhialta
  • stádas teaghlaigh
  • claonadh gnéasach
  • creideamh
  • aois
  • míchumas
  • cine
  • dath craicinn
  • náisiúntacht
  • bunúis eitneacha nó náisiúntachta
  • daoine den Lucht Taistil. 

Má tá tú míshásta leis an gcaoi ar láimhseáil na Coimisinéirí Ioncaim le do chúrsaí ar aon cheann de na forais seo, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.