Seolann na Coimisinéirí Ioncaim 2022 feachtas Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ)

Inniu (17/9/2021), dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim go rachaidh siad i dteagmháil go díreach le breis agus 1.4 milliún úinéir maoine, sna seachtainí amach romhainn, chun na trí rud nach mór dóibh a dhéanamh chun a dualgais CMÁ do 2022 a chomhlíonadh:

1. Luach margaidh a maoin ar an 1 Samhain 2021 a chinneadh

2. a dtuairisceán CMÁ a thíolacadh, lena n-áirítear a luacháil, faoi 7 Samhain 2021

agus

3. a Muirear CMÁ a íoc nó socruithe a dhéanamh chun a muirear CMÁ a íoc do 2022.

An chéad dáta luachála eile don CMÁ ná an 1 Samhain 2021. D'íoc úinéirí maoine cónaithe, a raibh a gcuid maoine faoi dhliteanas CMÁ ó 2013 go 2021, CMÁ bunaithe ar a luachálacha féinmheasúnaithe ar an 1 Bealtaine 2013. Cinnfidh an luacháil féinmheasúnaithe nua an 1 Samhain 2021 an CMÁ atá le híoc gach bliain ó 2022 go 2025. Tá feidhm ag na dualgais seo maidir le gach maoin cónaithe, lena n-áirítear maoin folamh, maoin nach raibh faoi dhliteanas CMÁ ó 2013 go 2021, agus maoine nach bhfuil cláraithe fós leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh CMÁ.

Toisc gur cáin féinmheasúnaithe í CMÁ, is é an chéad chéim ar chóir d’úinéirí maoine a dhéanamh ná luach margaidh a gcuid maoine cónaithe a chinneadh. Tá uirlis luachála agus treoir mionsonraithe curtha ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim  d’úinéirí maoine inniu chun cabhrú leo a dualgais CMÁ a chomhlíonadh le haghaidh 2022. Cabhróidh an uirlis luachála idirghníomhach le húinéirí maoine lena bhféinmheasúnú trí mheánbhanda luachála measta a sholáthar do mhaoine chónaithe i ngach ceantar i bhformáid léarscáile. Féadann úinéirí maoine a gceantar féin a fheiceáil ar an léarscáil ach Eircode nó suíomh na maoine a chur isteach.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim i gcuimhne d’úinéirí maoine nach bhfuil san uirlis luachála idirghníomhach ach treoir. Ba chóir dóibh mionsonraí a gcuid maoine féin a mheas agus féachaint an dtagann a luach laistigh den mheánbhanda luachála dá gceantar féin. Tá treoir curtha san áireamh ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin maidir leis na foinsí faisnéise éagsúla a bhféadann úinéirí maoine a úsáid chun luach a gcuid maoine a fhéinmheasúnú.

Spreag Katie Clair, Príomhoifigeach i mBrainse Cánach Maoine Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim, úinéirí maoine chun féinmheasúnú a dhéanamh ar luach a gcuid maoine tríd an uirlis luachála idirghníomhach a úsáid:

“Molaim go ndéanfadh gach úinéir maoine cónaithe tagairt do threoir ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, go háirithe má tá luach a gcuid maoine do CMÁ á chinneadh acu den chéad uair. Áirítear leis seo iad siúd a cheannaigh a gcuid maoine ó 2013, chomh maith le húinéirí maoine nach raibh faoi dhliteanas ó 2013 go 2021 ach atá faoi dhliteanas ó 2022 ar aghaidh. Nuair a bheidh luach margaidh a gcuid maoine measúnaithe ag úinéirí maoine, ba chóir dóibh an Tuairisceán CMÁ a thíolacadh agus socrú íocaíochta do 2022 a dheimhniú 7 Samhain 2021. Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun é seo a dhéanamh ná ar www.revenue.ie. Tá sé éigeantach tuairisceáin ar líne a thíolacadh le haghaidh maoine ar luach níos mó ná €1.75m nó i gcás ina bhfuil úinéirí maoine faoi dhliteanas CMÁ ar níos mó ná maoin amháin. "

Dúirt Ms. Clair “Níl roinnt maoine cónaithe cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair, mar shampla, toisc gur thóg a n-úinéirí a gcuid maoine sa tréimhse ó 2013. Tagann mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ don chéad tréimhse luachála eile, áfach, is é sin ó 2022 go dtí 2025, chomh fada agus gur maoin chónaithe í ar an 1 Samhain 2021. Tá sé tábhachtach go chláraíonn na húinéirí maoine atá nua-dliteanach a maoin a chlárú ag www.revenue.ie agus an bpróiseas trí chéim céanna a leanúint. Chomh maith le sin, tá sé riachtanach d’úinéirí maoine folmha a dTuairisceán CMÁ, lena n-áirítear a luacháil, a thíolacadh, faoi 7 Samhain 2021.”

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim nuashonruithe agus staitisticí breise ar CMÁ go rialta. Féadtar treoir agus eolais d’úinéirí maoine a fháil anseo.

[CRÍOCH 17/09/2021]