Bainistiú fiachais agus stórasú fiachais

Tabhair do d’aire:

Féadfaidh sé go bhfuil deacrachtaí íocaíochta cánach ag do ghnó den chéad uair. Mas ea, oibreoidh na Coimisinéirí Ioncaim leat chun réiteach a fháil ar na deacrachtaí seo.

Moltar duit do dhliteanais chánach a íoc nuair is féidir é sin a dhéanamh. Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil deacrachtaí íoca cánach ag gnóthaí mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus an géarchéim fuinnimh.

Moltar go láidir duit teagmháil a dhéanamh leis an Coimisinéirí Ioncaim go luath nuair a thagann deacrachtaí íocaíochta chun cinn, go háirithe le linn an géarchéim fuinnimh reatha. Tá cáil ar na Coimisinéirí Ioncaim le fada a bheith ag obair le daoine aonair agus le gnóthaí chun a gcuid deacrachtaí a réiteach.

I bhformhór na gcásanna, féadtar teacht ar chomhaontú frithpháirteach gan dul i muinín gníomh forfheidhmithe. Mar shampla, féadfaidh tú Socrú Tráthíocaíochtaí (PPA) a dhéanamh chun do chuid fiachas a íoc i dtráthíocaíochtaí.

Ina theannta sin, tá roinnt solúbthachtaí tugtha isteach againn inár socruithe íocaíochta chun tacú le gnóthaí. Ina measc seo, áirítear:

  • éarlaisí laghdaithe
  • tréimshsí aisíocaíochta níos faide
  • agus
  • an rogha chun sos íocaíochta a ghlacadh.

Ba chóir duit dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim a luaithe agus is féidir. Cumasóidh sé seo comhaontú frithpháirteach chun do chuid deacrachtaí íocaíochta a réiteach.

Socruithe Tráthíocaíochtaí (PPAs)

Le cumarsáid luath agus fhónta, féadann muid, go ginearálta, socrú íoca a chomhaontú atá inghlactha do do ghnó agus do na Coimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar socraíochtaí tráthíocaíochta sa rannán 'Gnóthas a thosú agus a rith'.

Stórasú fiachais

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil na dúshláin a leanas roimh ghnóthais áirithe maidir le fiachais cánach:

  • a ndliteanais chánach leanúnacha a íoc de réir mar a thagann siad aníos tar éis dóibh athoscailt
  • a gcuid creidiúnaithe trádála agus neamh-cánach eile a íoc
  • aon athstruchtúrú riachtanach a chur i gcrích chun déileáil le socruithe nua trádála.

Thug an Rialtas reachtaíocht isteach le gur féidir fiachas cánach a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19 a ‘stórasú’.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar stórasú fiachais sa rannán ar 'Ghnóthas a thosú agus a rith'.