Aicmiúchán
Má dhéanann tú earraí a iompórtáil nó a easpórtáil isteach nó amach as an Aontas Eorpach (AE), ní mór duit na hearraí sin a aicmiú chun críocha custam. Tá cód sonrach ag gach táirge.
Leis an gcód aicmiúcháin, deimhnítear an tsuim Dleachta Custam a íocfaidh tú ar earraí iompórtáilte.
Féadtar TARIC a úsáid chun do chuid earraí a aicmiú de réir cód cuí a mbeidh gá leis chun d’earraí a iompórtáil nó a easpórtáil.
Beidh tú in ann féachaint ar an ábhar seo a leanas in TARIC:
- dleachtanna ar fionraí
- cuótaí taraife
- tosaíochtaí taraife
- bearta frithdhumpála.
Athruithe cóid TARIC
Is gnách go n-athraítear na cóid TARIC ar 1 Eanáir gach bliain. Féadann athruithe eile teacht ar na cóid TARIC ag tráth ar bith le linn na bliana gan mórán fógra ó Choimisiún an AE. Féadtar seiceáil má athróidh do chóid TARIC in TARIC ach an dáta tagartha a athrú.
Cén áit a bhfuil tuilleadh cabhrach ar fáil ar earraí a rangú?
Bá chóir duit dul i gcomhairle leis na foinsí sa liosta thíos chun tuilleadh cabhrach a fháil i leith earraí a rangú.
Ainmníocht chomhcheangailte 2021
Tá cód sonrach aicmiúcháin ocht ndigit ag gach táirge de réir na hainmníochta 2021 combined nomenclature. Leagtar amach anseo chomh maith na rialacha ginearálta chun earraí a aicmiú chun leibhéal ocht ndigit. Tá feidhm leis na cóid seo ón 1 Eanáir 2021. Tugtar an ainmníocht chomhcheangailte cothrom le dáta uair sa bhliain.
Tá eolas úsáideach sna nótaí míniúchán in combined nomenclature explanatory notes chun tuiscint a fháil ar na ceannteidil éagsúla taraife, ach níl sé ina cheangal dlí.
Leis na táblaí in correlation tables 2020 - 2021 féadtar a fheiceáil má athraíodh ná cóid aicmiúcháin a úsáideann tú. Tá sé tábhachtach do thrádálaithe na cóid a sheiceáil le deimhniú má bhí aon athrú ann.
Féadtar teacht ar an ainmníocht in 2020 combined nomenclature agus ar na táblaí in correlation tables 2019 - 2020 go fóill.
Athruithe cóid d’ainmníocht chomhcheangailte 2021
Tugadh 16 gcód nua isteach agus scriosadh 6 chód.
Féadtar teacht ar na príomhathruithe in correlation tables 2020 - 2021.
An fardal Eorpach custam maidir le substaintí ceimiceacha
Féadtar an database seo a úsáid chun cabhrú leat ceimiceáin a shainaithint agus iad a aicmiú.
Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI)
Má theastaíonn cinnteacht dhlíthiúil maidir le rangú do chuid earraí, tá tuilleadh eolais le fáil faoi BTI.
EUR-Lex
Leis seo, tugtar rochtain saor ó tháille ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar dhoiciméid eile. Tá eolas i ndáil le Rialacháin ón gCoimisiún agus Cinntí ón gCoimisiún ar fáil ar EUR-Lex.
Eagraíocht Dhomhanda Custam
Tá eolas eile i leith d’earraí a aicmiú chun críocha custam ar fáil ón World Customs Organisation.
Aonad aicmiúcháin
Má theastaíonn comhairle nó cabhair uait chun d’earraí a aicmiú, déan teagmháil leis an Aonad Aicmiúcháin. Cé go ndéanann an t-aonad seo gach iarracht comhairle chruinn a chur ar fáil i ndáil le haicmiúchán taraifí, níl an chomhairle ina ceangal dlí. Má theastaíonn cinnteacht dhlíthiúil uait maidir le cód taraife, molann muid go gcuireann tú isteach ar Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI).