Tionscnamh fabhrach AE-Ceanada

Is éard atá i gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíochta agus Trádála an AE–Ceanada ná comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach (AE) agus Ceanada. Faoin gcomhaontú seo, féadtar rátaí dleachta ar earraí trádáilte a laghdú nó a dhíothú.

Más easpórtálaí lastaí earraí AE thú a bhfuil luach níos mó ná €6,000 orthu, féadtar leas a bhaint as tosaíochtaí CETA:

  • má chláraíonn tú don Chóras Easpórtálaithe Cláraithe (REX)
  • agus
  • má bhaineann tú úsáid as d’uimhir REX ar an ‘dearbhú tionscnaimh’ chun tosaíocht a éileamh ar theacht isteach go Ceanada.

Tá sonraí faoin údarú chun an córas REX a úsáid ar fáil ag an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe.

Má tá tú ag iompórtáil ó Cheanada, féadtar cáiliú faoi CETA le haghaidh tosaíochtaí, ach níl ort clárú in REX.

Tugann an Coimisiún Eorpach treoir mhionsonraithe ar rialacha an tionscnaimh sa EU-Canada Comprehensive Economic and Trade Agreement (CETA) agus ag Access2Markets.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, déan teagmháil leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.