Próiseáil isteach

Féadtar an nós imeachta um próiseáil isteach a úsáid chun faoiseamh a fháil ó Dhleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL). D’fhonn an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • earraí a iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) lena bpróiseáil. Féadfaidh sé gur próiseas é rud ar bith idir athphacáil nó sórtáil earraí, agus monarú den chineál is casta ar fad.
  • na táirgí críochnaithe a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht san AE nó a easpórtáil taobh amuigh den AE. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi phróiseáil isteach, féach ar an Treoir breise.

Cén chaoi le cur isteach ar údarú

Ba chóir d’iarratas ar phróiseáil isteach a dhéanamh go leictreonach leis an gCóras um Chinntí Custam (CDS)

Iarratas ar phróiseáil isteach de bhun dearbhú custam

Mura ndéanann tú ach iompórtálacha fánacha chun próiseála isteach, féadfaidh tú nós imeachta simplithe a roghnú. Féadtar é seo a dhéanamh trí do dhearbhú iompórtála a thíolacadh mar iarratas ar phróiseáil isteach. Má dhéanann tú iompórtálacha rialta chun próiseála isteach, ba chóir duit cur isteach ar údarú.

Earraí próiseála isteach a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht

Ba chóir an Fhoirm 1034 a chomhlánú nuair atá dleacht iompórtála á íoc ar an ámhábhar a iompórtáladh ar dtús. Ní mór an fhoirm seo a thíolacadh leis an mbille urscaoilte, ar cuntas é ar na hearraí uile a iompórtáladh don nós imeachta le linn an ama aontaithe.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.