Achomhairc custam

  1. Léargas ginearálta
  2. Achomharc chéad chéime
  3. Achomharc dara céime

Achomharc chéad chéime

Nuair atá tú ag seoladh d’achomharc chéad chéime isteach, ba chóir duit:

  • bunús d’achomhairc a leagan amach i scríbhinn
  • d’achomharc a sheoladh chuig an duine óna bhfuair tú an cinneadh i scríbhinn a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina aghaidh
  • aon doiciméid ábhartha (nó cóipeanna) a thacódh le d’achomharc a sheoladh isteach. 

Is é an t-oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bhí páirteach sa chinneadh bunaidh a dhéanfaidh d’achomharc a admháil, ach ní dhéanfaidh an t-oifigeach céanna d’achomharc a bhreithniú.

Déanfaidh Oifigeach Sannta Achomharc (OSA) d’achomharc a chinneadh. Is oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an OSA nach raibh baint aige nó aici leis an gcinneadh bunaidh.

Cuirfidh an OSA ar an eolas thú i scríbhinn nuair a fhaightear d’achomharc lena athbhreithniú agus féadfaidh sé iarraidh ort faisnéis bhreise a sholáthar. Eiseoidh an OSA cinneadh i scríbhinn taobh istigh de 30 lá. Má tá tréimhse níos faide ag teastáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar d’achomharc, cuirfidh an OSA in iúl duit an tréimhse sínte a bheidh i gceist.

Mura bhfuil tú sásta le breith an OSA, féadtar leanúint ar aghaidh chuig an dara céim. Is éard atá i gceist leis seo ná go n-éistfidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach do chás.

Ar aghaidh: Achomharc dara céime