Achomhairc custam

Léargas ginearálta

Tá an ceart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinntí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le feidhmiú na reachtaíochta custam.

Má bhaineann d'achomharc le:

  • Earraí a cheannaítear ar líne le haghaidh úsáid phearsanta, féadann tú tuilleadh eolais a fháil in Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta. Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí idir an t-iompróir agus an tomhaltóir maidir leis na muirir a ghearrann an t-iompróir as ucht na hearraí a sheachadadh. Ba chóir duit fiosruithe i dtaca leis na muirir seo a chur chuig an iompróir.
  • Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF), féadtar tuilleadh eolais i dtaca le Achomhairc CCF a fháil in Achomhairc Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF).

Féadtar do cheart chun achomhairc a fheidhmiú in dhá chéim:

Achomharc chéad chéime

Má tá tú míshásta le cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, féadtar achomharc a dhéanamh mar seo a leanas:

  • Ní mór d’achomharc a thaisceadh leis an oifigeach breithiúnachta a rinne an cinneadh tosaigh taobh istigh de 30 lá den chinneadh sin a fháil.
  • Déanfaidh Oifigeach Sannta Achomharc (OSA) sna Coimisinéirí Ioncaim d’achomharc a chinneadh.

Ní dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh ar chánacha ná dleachtanna a ghearrtar mar thoradh ar dhearbhú iompórtála a thaisceadh. Ba chóir duit fiosruithe a chur chuig do dhearbhóir ar an gcéad dul síos. Is éard is dearbhóir ann ná an duine a chur an dearbhú iompórtála isteach thar do cheann.

Achomharc dara céime

Má sheasann an OSA leis an gcinneadh bunaidh, féadtar achomharc a dhéanamh i leith an chinnidh seo chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá an comhlacht seo neamhspleách ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ní mór d'achomharc a thaisceadh laistigh de 30 lá ó chinneadh an Coimisiún um Achomhairc Chánach.

Ní fhéadtar achomharc dara céime a thionscnamh go dtí go gcuirtear próiseas um achomharc chéad chéime i gcrích.

Tabhair do d’aire

Má dhéanann tú achomharc a thíolacadh, ní chuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim bailiú an mhéid atá faoi dhíospóid ar fionraí. Mar shampla, má tá tú ag íoc trí tráthíocaíochtaí, ba chóir duit leanúint le d’íocaíochtaí tráthíocaíochta a dhéanamh fad agus atá an próiseas achomhairc ar siúl. Ní gá an méid atá faoi dhíospóid, áfach, a íoc go páirteach nó go hiomlán laistigh den teorainn ama 30 lá chun d’achomharc a chur isteach.

Ar aghaidh: Achomharc chéad chéime