Céard é an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES)?

Coinsíneachtaí earraí ar luach íseal

Níl gá le dearbhú easpórtála chun na nithe seo a leanas a easpórtáil:

  • Earraí de chineál tráchtála, mura sáraíonn siad luach €1,000 agus 1,000kg meáchain (ní mór an dá chritéar a chomhlíonadh).
  • Earraí i gcoinsíneacht poist dar luach €1,000 nó níos lú.
  • Earraí i gcoinsíneacht tapa dar luach €1,000 nó níos lú, má tá sonraí sa doiciméad iompair agus, nó sonraisc ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní bhaineann sé seo le hearraí atá:

  • faoi ​​réir toirmisc agus srianta
  • á gcur ar ais d'fhonn aisíocaíocht dleachta a éileamh.

Ar aghaidh: Faisnéis do sholáthraithe bogearraí