Céard é an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES)?

Tionchar ar thrádáil

Má easpórtálann tú earraí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chuig tíortha nach tíortha de chuid an AE iad, agus gur bhain tú úsáid as an bPróiseáil Uathoibríoch Iontrála (AEP) do do dhearbhuithe easpórtála, tabharfaidh tú na hathruithe suntasacha seo a leanas faoi deara ar an gCóras Easpórtála Uathoibríoch (AES):

  • Tacar sonraí nua do dhearbhú easpórtála atá sainithe faoi Chód Custam an Aontais. Cé gurab an ionann formhór an eolais a theastaíonn chun do dhearbhú easpórtála a chomhlánú agus na sonraí a úsáidtear in AEP, tá roinnt mhír sonraí i gceist. Tá sonraí le fáil in Aguisín B den Samhail Sonraí Custam an AE 6.2. Tá cuma éagsúil ag an dearbhú easpórtála, le ‘míreanna sonraí’ tagtha in áit ‘Réimsí sonraí’ agus ‘boscaí’ DRA ag .
  • Leis an AES, féadtar do dhearbhuithe easpórtála a thaisceadh suas le 30 lá sula gcuireann tú d’earraí i láthair do Chustaim. Má thaisceann tú dearbhú easpórtála roimh chur i láthair, is gá duit fógra um láithriú (C2) a thíolacadh do Chustaim nuair atá d’earraí réidh lena n-easpórtáil.
  • Tá athruithe don sreabhadh próisis ann chun imeacht na n-earraí ón AE a dheimhniú. Mar sin, is gá duit roinnt teachtaireachtaí nua a chur isteach. Féach thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Cuireann cur i láthair an Chórais Easpórtála Uathoibríoch (AES) eolas úsáideach ar fáil faoin tionchar atá ag AES ar do ghnó.

Ar aghaidh: Sreabhadh próisis nua chun imeacht na n-earraí ón AE a dheimhniú