Céard é an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES)?

Sreabhadh próisis nua chun imeacht na n-earraí ón AE a dheimhniú

Tugann AES na teachtaireachtaí seo a leanas isteach le haghaidh earraí atá á easpórtáil ón Aontas Eorpach (AE):

  • Déantar an teachtaireacht ‘Arrival at exit’ (IE507) a thaisceadh ag oifig imeachta na n-earraí ón AE. Ba chóir don trádálaí ag an bpointe imeachta an teachtaireach a thaisceadh agus níor chóir é a thaisceadh ach in AES nuair atá Éire mar an oifig imeachta.
  • agus
  • Déanann an iompróir ag an bpointe imeachta an teachtaireacht ‘Exit notification’ (IE590) a thaisceadh , tar éis do na hearraí an AE a fhágáil. Ní mór an teachtaireacht seo a chur faoi bhráid Córas Easpórtala Uathoibríoch (CEU) na gCoimisinéirí Ioncaim sa chás go bhfuil calafort nó aerfort Éireannach dearbhaithe mar oifig imeachta.

Ní mór Máistir-Uimhir Thagartha (MUT) an dearbhaithe easpórtála a chur san áireamh sa dá theachtaireacht seo.

Tabhair do d’aire

Mura bhfuil teachtaireacht IE507 taiscthe, diúltóidh AES don teachtaireacht IE590.

Leis an tSeirbhís Cuardaigh MUT, féadann trádáil stádas MUT a sheiceáil agus a fhíorú an bhfuil an IE507 agus, nó IE590 taiscthe.

Léirítear sa tábla seo a leanas an fhaisnéis a bhaineann leis na tuairisceáin seirbhíse cuardaigh agus céard a chiallaíonn sé sin faoi stádas an dearbhaithe AES:

Stádas Dearbhaithe 

Stádas Rialaithe 

Stádas an Dearbhaithe AES

Easpórtáil ar feitheamh

Faoi rialú dearg/oráiste/buí

Dearbhú ‘Faoi Rialú’

Easpórtáil ar feitheamh

Earraí imréitithe

Níor tíolacadh IE507 'Arrival at Exit', agus níl an dearbhú faoi rialú

Easpórtáil ar feitheamh

Earraí scaoilte le haghaidh imeacht láithreach

Tíolacadh IE507 agus níor tíolacadh IE590

Easpórtáilte

Earraí imréitithe 

IE507 agus IE590 tíolactha 

Cealaithe

Níl stádas rialaithe léirithe

Dearbhú neamhbhailithe

Aeriompróirí agus muiriompróirí Ardú isteach Ardú amach (LóLó)

Ní mór don iompróir ag an bpointe imeachta ó Éirinn a chinntiú nach mbaintear ó mhaoirseacht Custam ach earraí scaoilte ag Custaim lena n-easpórtáil. Mar gheall ar an gComhéadan Feidhmchláir (API) a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil, beidh sé indéanta stádas an dearbhaithe sheiceáil nuair a thagann na hearraí chuig an aerfort nó calafort. Tugtar an tSeirbhís Fíorú um Scaoileadh Easpórtála (ERV) ar an gComhéadan Feidhmchláir (API) seo.

An tSeirbhís Fíoraithe um Scaoileadh Easpórtála (ERVS)

Déanann an ERVS an méid seo a leanas:

Fíorú scaoilte

Fíoraíonn sé má tá MUT bailí agus ag an stádas 'Scaoilte', rud a ligeann don iompróir nó don ghníomhaire gníomhú dá réir.

Deimhniú teachta (IE507 - arrival at exit)

Leis seo, féadann an t-úsáideoir a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim gur tháinig na hearraí go dtí an pointe imeachta, ag comhlíonadh an riachtanas arrival at exit.

Deimhniú imeachta (IE590- teachtaireacht exit notification)

Sa chás go bhfuil earraí ag fágáil an AE ó Oifig Custam na hÉireann, cuirfidh an ERV in iúl don úsáideoir más gá teachtaireacht Exit notification a thaisceadh. Sa chás go bhfuil teachtaireacht Exit notification ag teastáil, féadann an t-iompróir nó an gníomhaire an tseirbhís Fíorú um Scaoileadh Easpórtála (ERV) a úsáid chun an riachtanas seo a chomhlíonadh.

Sa chás go n-úsáideann trádálaithe an ERV, ní iarrtar orthu na teachtaireachtaí seo a leanas a thíolacadh toisc go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na sonraí a cuirtear ar fáil a athúsáid chun na riachtanais seo a chomhlíonadh:

  • an teachtaireacht Arrival at exit
  • agus
  • an teachtaireacht Exit notification.

Féadtar tuilleadh eolais theicniúil a fháil faoin ERV trí ríomhphost a sheoladh chuig UCCITDEV@revenue.ie

Oibreoirí bád farantóireachta

I gcás earraí atá ag gluaiseacht chuig an mBreatin Mhór, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na sonraí atá sa Fógra Réamhbhordála (FRB) a athúsáid chun an riachtanas teachtaireachta ‘Arrival at exit’ (IE507) a chomhlíonadh. Déanfar é seo nuair atá a dhéanann oibreoirí bád farantóireachta an FRB a ‘sheiceáil isteach’. Ba chóir d’oibreoirí bád farantóireachta leanúint den lastliosta National Intelligence Management System (NIMS) a thaisceadh. Ina theannta sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí san FRB agus NIMS lastliosta a athúsáid chun an riachtanas teachtaireachta ‘Exit notification’ (IE590) a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire

Sa chás go bhfuil neamhréireanna idir céard a dearbhaíodh ar an dearbhú easpórtála agus céard a gcuirtear ar fáil ag an bpointe imeachta, ní mór don ‘Trader at exit’ an teachtaireacht ‘Arrival at exit’ (IE507) a thaisceadh.

Féadtar tuilleadh eolas a fháil ar na croí-sreabhanna próisis do AES in Air and LoLo process flows.

Ar aghaidh: Coinsíneachtaí earraí ar luach íseal