Corás Easpórtála Uathoibríoch (AES) - róil agus freagrachtaí an tslabhra soláthair

Iompróir ag an bpointe imeachta

Is éard é an t-iompróir ná an duine a tugann na hearraí nó a glacann freagracht as na hearraí a iompar amach as an Aontas Eorpach (AE).

I gcás muirthrácht faoi shocrú roinnte soitheach, is éard is iompróir ann ná an duine a thugann conradh chun críche d'iompar na n-earraí amach as an AE.

Seo a leanas róil agus freagrachtaí an iompróra:

RóRó

  • Cinnte a dhéanamh nach mbaineann tú aon earra a fhanann de bheith faoi mhaoirseacht custam.
  • Tar éis na himeachta, cuir an lastliosta don National Intelligence Management System (NIMS) ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Cinntigh go bhfuil sonraí uile uimhreacha tagartha an Fhógra Réamhbhordála (FRB) ag an lastliosta NIMS, agus go dtagann siad leis an gclárúchán feithicle nó sainaithint leantóra.

Aer agus LóLó

  • Cinnte a dhéanamh nach mbaineann tú aon earra a fhanann de bheith faoi mhaoirseacht custam.
  • Tar éis na himeachta, cuir deimhniú imeachta na n-earraí ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáid as an MUT, ar an mbealach seo a leanas:
    • bain úsáid as an tSeirbhís Fíoraithe um Scaoileadh Easpórtála (ERV) chun na gnásanna imeachta a chomhlánú agus chun tú féin a shásamh nach bhfuil na hearraí faoi rialú custam
    • tíolaic an teachtaireacht ‘exit notification’ (IE590) chuig AES.

Ar aghaidh: Eolas tábhachtach maidir le hearraí a easpórtáil