Corás Easpórtála Uathoibríoch (AES) - róil agus freagrachtaí an tslabhra soláthair

Trádálaí ag an bpointe imeachta

Cén duine a fhéadann bheith ina thrádálaí ag an bpointe imeachta?

Aon cheann díobh seo a leanas:

  • An duine a thógann na hearraí amach as an Aontas Eorpach (AE).
  • An duine a bhfuil na hearraí á dtabhairt amach as an AE ina n-ainm nó thar a gceann.
  • An duine a ghlacann freagracht as na hearraí a iompar sula bhfágann siad an AE.

I gcleachtas, féadann an trádálaí ag an bpointe imeachta bheith mar an gníomhaire, easpórtálaithe nó dearbhóir Custam, cuideachta lóistíochta, oibreoir beartáin, iompróir, láimhseálaí, tiománaí nó tarlóir.

Tabhair do d’aire

I gcás gluaiseachtaí Rolladh ann-rolladh as (RóRó), is é an duine a chruthaíonn an Fógra Réamhbhordála (FRB) atá mar an trádálaí ag an bpointe imeachta.

Freagrachtaí an trádálaí ag an bpointe imeachta 

Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas maidir le teacht isteach na n-earraí trí:

  • an teachtaireacht ‘arrival at exit’ (IE507) a thíolacadh go dtí AES, nó ag brath ar an gcineál gluaiseachta:

Nuair nach bhfuil earraí ag an stádas ‘released for export’:

  • Níor chóir iad a sheoladh chuig an iompróir ag an bpointe imeachta
  • agus
  • ní mór duit stádas an choinsíneachta a réiteach.

Sa chás go bhfuil neamhréireanna idir céard a dearbhaíodh ar an dearbhú easpórtála agus céard a gcuirtear ar fáil ag an bpointe imeachta, déan an teachtaireacht (IE507) a chur isteach.

Ar aghaidh: An duine a chruthaíonn an Fógra Réamhbhordála (FRB)