Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)

Léargas ginearálta

Cumasaíonn an tSeirbhís RóRó Custam gluaiseacht agus rialú earraí agus feithiclí agus iad á n-iompar ar bhád farantóireachta sceidealaithe idir Éire agus an Bhreatain Mhór.

Ní theastaíonn aon réamh-údarú ó na Coimisinéirí Ioncaim le rochtain ar an tSeirbhís RóRó, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ar fáil go héasca d’aon pháirtí sa slabhra soláthair.

Tá an seirbhís RóRó déanta suas de thrí fheidhm chomhlántacha:

  • Fógra Réamhbhordála (FRB)
  • Cuardach Cainéil Custam
  • Seiceáil Isteach Custam nuair a ghlaoitear chun Cainéal Custam thú

Cuireann an tSeirbhís RóRó ar chumas aon pháirtí sa slabhra soláthair:

  • PBN a chruthú agus dearbhú a thabhairt go bhfuil na hearraí ‘Ceart go leor le dul ar aghaidh go dtí Seiceáil isteach' ag an mbád farantóireachta.
  • cuardach a dhéanamh ar an gcainéal custam a shanntar do na hearraí sula dtagann siad isteach i gCalafort Éireannach.
  • úsáid a bhaint as an áis seiceála isteach Custam ina sanntar cainéal 'Glaoch chun Custam'.

Ar aghaidh: Fógra Réamhbhordála (FRB)