Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)

Cuardach Cainéil Custam

Déanfaidh an tseirbhís RóRó idirghabhálacha féideartha custam a aithint le linn thrasnú an bháid farantóireachta go hÉirinn ón mBreatain Mhór. Beidh na hidirghabhálacha seo bunaithe ar na Máistir-Uimhreacha Thagartha (MUT) a thíolactar san FRB.

Leis an bpróiseas imréitigh a dhéanamh níos éifeachtaí sa chás go bhfuil idirghabháil custam nó gníomhaireachta stáit ag teastáil, déanfaidh an tseirbhís RóRó an méid seo:

  • faisnéis i bhfíor-am a chur ar fáil i leith idirghabhálacha den chineál sin d’aon pháirtí sa slabhra soláthar
  • doiciméid iompórtála a iarrann an tIompórtálaí a phróiseáil mar chuid de na hidirghabhálacha seo
  • agus
  • stádas an treoraithe sannta don lasta.

Féadtar rochtain ar an gCuardach Cainéil Custam 30 nóiméad roimh duit teacht isteach chuig Calafort Éireannach. Féadtar teacht ar an áis seo ar an tseirbhís RóRó ach 'Cuardach Cainéil Custam’ a roghnú. Ba chóir an tseirbhís seo a sheiceáil go rialta le haghaidh aon athrú do stádas na n-earraí.

Tabhair do d’aire

Nuair atá FRB i leith turas isteach go hÉirinn á chruthú, is féidir leat dhá uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist a chur isteach. 30 nóiméad sula dtagann an t-árthach, nuair a bhíonn cainéal na feithicle ar fáil, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis i leith an chainéil chuig na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil.

Gheobhaidh tú ceann de na Cainéil Custam seo a leanas:

Fág an Calafort

Fág an Calafort

Lean na comharthaí chun tú a threorú go díreach amach as an gCalafort. Ní gá dul chuig na Custaim.

Déan teagmháil le Custaim

Téigh chuig Custaim

Lean na comharthaí chun thú a threorú chuig an gcríochfort custam. Seiceáil isteach leis an tseirbhís RóRó agus lean na treoracha a chuirtear ar fáil sa teachtaireacht dheimhnithe.

Déan teagmháil le Custaim - Idirthuras

Téigh chuig Custaim - Idirthuras

Lean na comharthaí cuí chun tú a threorú go dtí an críochfort custam.

Déan teagmháil le Custaim - Séala

Téigh chuig Custaim - Séala

I gcás trucailí a dteastaíonn seiceáil séala uathu - Ní mór duit na comharthaí a leanúint chun thú a threorú chuig na lánaí seiceálacha séalaí.

Ainmhithe Beo – Pointe Rialaithe Teorann

Post Rialaithe Teorann d'Ainmhithe Beo

Lean na comharthaí chun tú a threorú go dtí críochfort sannta na n-ainmhithe beo.

Tabhair do d’aire

Níor chóir do thiománaithe feithiclí a bhfuil earraí iontu an Calafort a fhágáil gan imréiteach Custam a bheith acu.

Is cion coiriúil é má loictear é seo a dhéanamh, a ghabhann fíneáil €5,000 agus / nó tréimhse phríosúnachta suas le 12 mhí.

Ar aghaidh: Seiceáil isteach Custam nuair a ghlaoitear chun Custam thú